Wholeschool Portal | Home 19 August 2017

Líofa

Cluiche Ceannais Uladh bainte ag Bliain 9

Coláiste Feirste Year 9 Hurlers lifted the Rehill Cup in a rainsoaked final against Abbey Grammar School in Newry.  The Group C Ulster Champions were permitted to play in Group B as well and have reached the semi final of that competition where they will face St Louis, Ballymena.

 

D'éirigh le foireann iomána Choláiste Feirste an bua a fháil ar Scoil na Mainistreach as Iúir Chinn Trá agus Corn Rehill a bhreith leo ar ais go Béal Feirste don chéad uair tráthnóna Dé Luain 24 Deireadh Fómhair.
 

Níor chuir an bhaisteach throm isteach ar na Feirstigh agus iad ag imirt ar pháirc an fheasúra san Iúr agus chomh luath agus ar chaith an réiteoir an sliotar isteach i lár na páirce, d'ardaigh Aodhán Mac Cába é agus d'imigh sé leis gur aimsigh sé cúl.

Ghlac Scoil na Mainistreach le dúshlán na bhFeirsteach agus d'aimsigh siad féin an eangach go luath ina dhiaidh sin.  Gortaíodh Caolán Mac Cathail agus b'eigean é a bhaint den pháirc.  Ba bhuile sin d'fheachtas na bhFeirsteach agus thóg muintir an Dúin an cluiche. Chríochnaigh an dá fhoireann cothrom ag leath ama.

Ba chosúil gur spreagadh muintir an Dúin sa seomra féistis agus ghlac siad seilbh ar an chluiche ag tús an dara leath.  Ba luath go raibh siad 7 gcuilín chun tosaigh.  Tháinig carachtair na nGael chun tosaigh agus d’imir siad ar nós Chú Chulainn féin.  Bhí an bua acu le 7 gcuilín nuair a shéid an réiteoir an fheadóg ag deireadh an chluiche.

Dúirt bainisteoir na foirne Ciarán Mag Aoidh i ndiaidh an chluiche “D’imir imreoirí an Choláiste go hiontach agus tá mé iontach bródúil astu.  Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le Lochlainn agus le Niall a chuidigh agus a spreag an fhoireann.  Is iontach go bhfuil an bua seo ag foireann Bhliain 9 agus is cinnte go mbeidh todhchaí rathúil ag an iomáint sa Choláiste agus an fhoireann seo ag fás agus ag forbairt”

 

Na Feirstigh Abú!