Wholeschool Portal | Home 29 June 2017

Líofa

Caint na nÚdar

Tháinig Deirdre Sullivan agus Katherine Farmar, beirt údar, ar cuairt chuig leabharlann Choláiste Feirste le déanaí.  D’fhoilsigh Little Island a gcuid leabhair i mbliana agus chuir Coláiste Feirste, fáilte ar leith rompu lena leabhair a chur chun cinn sa scoil. Anuas air sin, bhí muid ar lorg go dtiocfadh údáir chun na scoile le comhairle léitheoireachta agus scríobhneoireachta a chur ar ár ndaltaí. Mealladh chuid mhór díograiseoirí leabhar chun na leabharlainne don séisiún léitheoireachta agus comhairle. Ba chinnte go raibh an-suim ag daltaí na scoile ann mar go raibh an leabharlann dubh le daltaí.

 

Thug na húdair eolas do na daltaí s'againne ar a gcuid saothair féin. Is scéal leantach é seo Improper Order le Deirdre Sullivan agus tá leabhar eile aici dar teideal Prim Improper. Bhí Prim Improper ar an ghearrliosta Bisto nuair a foilsíodh cúpla bliain ó shin é. Lena chois sin, bhí Katherine Farmar i láthair le cuid den leabhar s’aici, Wormwood Gate, a léamh. Is é seo an chéad leabhar atá scríofa ag Katherine agus is úrscéal fantasaíochta é suite i bpríomchathair na tíre, Baile Átha Cliath. I ndiaidh do na húdáir cuid dá leabhar a léamh, d’fhreagair siad ceisteanna suimiúla faisnéiseacha ó na daltaí a raibh dúil as cuimse acu, leabhar a scríobh.

Gabh Mícheál Mac Giolla Ghunna, príomhoide na scoile, buíochas leis an bheirt údar as teacht isteach. Bhí Mícheál ansin le duais a bhronnadh ar Bhrenna Ní Néill fosta ach alt a léamh faoi Bhrenna in 'An Club Leabhair'.