Wholeschool Portal | Home 29 June 2017

Líofa

Na Laochra- fir agus mná- Abú!

The boys under 17 football team has been taking part in the Gaeltacht 7 a side competition for the last number of years.  This year marked another step forward for Gaelic Games in the school when Coláiste Feirste and Laochra Loch Laoi were able to field a ladies team for the first time in this competition.  A great time was had by all who participated.


Ba thuras stairiúil é an turas chun Comórtas Péile na Gaeltachta i nGaillimh i mbliana.  Don chéad uair riamh, ghlac foireann na mban, Laochra Loch Lao, páirt sa chomórtas agus bhain siad an-sult ar fad as an deireadh seachtaine.  Bhí cailíní ann ó Bhliain 11, 12 agus 13.  Thosaigh na cailíní ag traenáil le chéile i mbliana agus iad spreagtha i ndiaidh labhairt leis na gasúir faoin eispéireas iontach a bhí acu ag an chomórtas anuraidh.  D’fhan muid le muintir na Gaeltachta agus chuir na Mná Tí fearadh na fáilte romhainn.  Thug siad “Na Gaeilgeoirí” orainn agus mhol siad ár gcailiní as a bheith dílis dá dteanga.  Bhí tallan ar leith againn ar an pháirc peile, ach ar an droch-uair, bhí níos mó taithí ag na foirne eile agus níor éirigh linn an cluiche ceannais a bhaint amach.  

Níor chuir seo isteach ar ár gcailiní, tá rún acu níos mó traenála a dhéanamh i mbliana agus dul ar ais ar an bhliain seo chugainn chun an chomórtas a bhaint! Ba bhreá linn daoine eile a mhealladh chuig an chomórtas linn, coinnigí súil amach d’amanna treanála i mí Mheán an Fhómhair!

Na Laochra Abú!!
Mary Grieve