Wholeschool Portal | Home 29 June 2017

Líofa

Coláiste Feirste 4-5 Naomh Benedict 3-6

Coláiste Feirste 4-5  Naomh Benedict 3-6

Bhí bua iontach ag peileadóirí bhliain 10 i gcluiche ceathrú cheannais Uladh (Corn Ennis) ar na mallaibh in éadan rogha na gcoitianta, Naomh Benedict ó Bhaile Raghnaill. Thosaigh Naomh Benedict go láidir agus chuaigh said chun tosaigh le cúpla cuilíní iontacha ach i ndiaidh do na feirstigh socrú isteach sa chluiche le cúl iontach ó Pheadar Mac Ailín d’éirigh an cluiche iontach iomaíoch ar fad agus bhí sé iontach cóngarach leis an dhá fhoireann ag dul chun tosaigh ag pointí difriúla le linn an chluiche. Bhí Coláiste Feirste chun tosaigh ag leath am. Díreach i ndiaidh leath ama, chuaigh Naomh Benedict chun tosaigh le cúl, go dtí gur scóráil Thomas Bunting cic fhirice den scoth 10 mbomaite I ndiaidh leath ama. Ach bhí tréimhse láidir ag naomh Benedict ina dhiaidh seo agus rinne Dualta Bacéir/Mac Aodha obair den scoth chomh maith le Oisín Ó Coileáin agus Eoin Mac Cú Uladh sa line leath chúlaí chun na feirstigh a choinneáil sa chluiche le cosaint fíochmhar. D’éirigh le line lán chúlaí an choláiste an lámh in uachtar a fháil ina dhiaidh seo agus bhí comh-imirt den scoth ann idir Caolán, Gearóid agus Pádraig Mac Cúrnáin agus chuir said soláthar liathróide den chéad scoth chuig Aodhán Mac Mathúna a d’obair gan stad an chluiche ar fad. Bhí Naomh Benedict 5 chun tosaigh ag pointe sa dara leath ach níor stad na buachaillí agus d’éirigh le Tomás Bunting cúl eile a aimsiú, chomh maith le cúpla cuilín ó Dannán, Peadr, Aodhán agus Barra Mac Phrír chun bua iontach a thabhairt dúinn agus áit I gcluiche leath-cheannais Uladh don scoil.